Baile | Gradaim | Buneolas faoin Suíomh | Ceisteanna Coitianta | Nuacht | Cead Cainte
 

Conas a chuirim JavaScript ag obair sa bhrabhsálaí?

Ní mór JavaScript a bheith ag obair sa bhrabhsálaí agat chun an suíomh idirlín www.floodmaps.ie a bhreathnú. Déantar na bearta seo thíos d’fhonn sin:

Internet Explorer (6.0)


Roghnaítear 'Tools' ón roghchlár barr scáileáin
Roghnaítear 'Internet Options'
Cliceáiltear ar an réimse 'Security'
Cliceáiltear ar 'Custom Level'
Scroláiltear síos go bhfeictear an réimse dar teideal 'Scripting'
Faoi 'Active Scripting', roghnaítear 'Enable' agus cliceáiltear ar ‘OK’

Netscape Navigator (4.8)


Roghnaítear 'Edit' ón roghchlár barr scáileáin
Roghnaítear 'Preferences'
Roghnaítear 'Advanced'
Roghnaítear 'Scripts & Plugins'
Roghnaítear an bosca maidir le 'Enable JavaScript' agus cliceáiltear ar ‘OK’

Mozilla Firefox (1.0)


Roghnaítear 'Tools' ón roghchlár barr scáileáin
Roghnaítear 'Options'
Roghnaítear 'Web Features' from the left navigation
Roghnaítear an bosca maidir le 'Enable JavaScript' agus cliceáiltear ar ‘OK’

Mozilla Firefox (1.5)


Roghnaítear 'Tools' ón roghchlár barr scáileáin
Roghnaítear 'Options'
Roghnaítear 'Content' ó na deiseanna imeachta in uachtar an scáileáin
Roghnaítear an bosca maidir le 'Enable JavaScript' agus cliceáiltear ar ‘OK’

Apple Safari (1.0)


Roghnaítear 'Safari' ón roghchlár barr scáileáin
Roghnaítear 'Preferences'
Roghnaítear 'Security'
Roghnaítear an bosca maidir le 'Enable JavaScript'

Bítear san airdeall maidir leis an tionchar a bheadh ag leagan nua de bhrabhsálaí nó bogearra slándála nua nó paistí slándála a chur isteach ar na socruithe maidir le JavaScript. Is maith an rud seiceáil arís go bhfuil JavaScript curtha ag obair i gcónaí sa chás go dtugtar aon deacracht faoi deara le www.floodmaps.ie a úsáid. Chomh maith leis sin, sa chás gurb é an socrú maidir le 'Prompt' atá socraithe faoi chúrsaí JavaScript, d’fhéadfadh go dtiocfadh fógra rabhaidh mar gheall ar scripteanna a bhféadfadh contúirt a bheith ag baint leo a chóipeáil ó www.floodmaps.ie.

Sa chás go mbíonn deacracht i gcónaí le www.floodmaps.ie a úsáid tar éis cinntiú go bhfuil JavaScript ag obair sa bhrabhsálaí, seiceáiltear maidir le bearta cosanta pearsanta nó bogearra slándála a bheith i bhfeidhm ar an ríomhaire.


ar ais ag an leathanach baile